Cúrsa Fraincise le haghaidh mac léinn 2ú agus 3ú bliain Cúrsa nua Fraincise le haghaidh ranganna suas go dtí scrúduithe ardleibhéil an Teastais Shóisearaigh. Beidh On y va!2 ar fáil ó lár mhí an Mheithimh 2009. Tá ábhair sa leabhar seo suas go dtí Scrúduithe ardleibhéil an Teastais Shóisearaigh. Dhear Authentik leabhair On y va! le haghaidh scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta. D’éirigh go han-mhaith le On y va! 1 sna scoileanna sin anuraidh. Tá cóip shaor d’On y va! 1 iniata le gur féidir leat féachaint air. In On y va ! 2 gheobhaidh tú ábhair nua-aimseartha réadúla shuimiúla ó réimse leathan foinsí, dearcadh na hóige, CD le gach leabhar agus áiseanna breise do mhic léinn agus do mhúinteoirí ar shuíomh Gréasáin Authentik. Tá comhaid fuaime an dá aonad shamplacha le fáil thíos. Baineann Unité 2 - Hébergement leis an dara bliain den churaclam agus Unité 13 - J’écoute, je regarde, je lis leis an tríú bliain. Le haghaidh mac léinn 2ú agus 3ú bliain